Ní mór duit fógra a thabhairt don Oifig Náisiúnta Lasta Trasteorann i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath más mian leat dramhaíl ghuaiseach a easpórtáil, a iompórtáil nó a iompar.
Eisíonn an Oifig Náisiúnta Bailithe Dramhaíola i gComhairle Contae Uíbh Fhailí ceadanna bailithe dramhaíola do bhailitheoirí ceadaithe nó d'iompróirí dramhaíola.
Ní mór ceadúnas bailí a bheith agat má bhainistíonn tú conchró madraí ina bhfuil 20 madra nó níos mó. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chuig an údarás áitiúil ar cheadúnas bliantúil.