Deimhniú Comhlíonta Miondíoltóirí um Dhramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach (WEEE) agus Dramhcheallraí Ní mór do mhiondíoltóirí trealamh leictreach, leictreonach agus cadhnraí iarratas a dhéanamh chuig an údarás áitiúil ar dheimhniú WEEE.
Cead Dó Fásra Talmhaíochta Ní mór d’fheirmeoirí iarratas a dhéanamh chuig an údarás áitiúil ar chead chun dramhaíl ghlas a ghineann gníomhaíochtaí talmhaíochta a dhó.
Ceadúnas Ginearálta Madraí Ní mór ceadúnas bailí a bheith agat má bhainistíonn tú conchró madraí ina bhfuil 20 madra nó níos mó. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chuig an údarás áitiúil ar cheadúnas bliantúil.